Job | Full Time

Oifigeach For-Rochtana Pobail

Laochra Loch Lao CLG

Development
Scála tuarastail £31,895 - £34,373 (PO1 PT27 - PO1 PT30)
37.05
Is mian le Laochra Loch Lao CLG fáilte a chur roimh iarrthóirí do phost mar Oifigeach For-Rochtana Pobail a dhíreoidh ar chlár leathan d’imeachtaí pobail a eagrú a chuireann le rannpháirtíocht sa chumann trí chéile agus le sruthanna ioncaim don chumann a mhéadú a chuirfidh chuirfidh tacaíochtaí ar fáil le cinntiú go mbaintear ardchaighdéan amach in achan réimse don chumann.

Is cumann CLG lán-Ghaeilge é Laochra Loch Lao CLG atá lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste. Bunaíodh an cumann in 2006 mar chomhchumann le deiseanna labhartha Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine ar spéis leo CLG a imirt trí Ghaeilge. I 2017, bhunaigh muid an cumann go neamhspleách agus tháinig na foirne faoi aois ag an am seo agus tá borradh tagtha faoin chumann ó shin. Anois tá breis is 15 foireann ag an chlub ag freastal ar beagnach 300 ball imeartha agus táimid ag súil go mbeidh dúbailt air sin sna 5 bliana amach romhainn..

 

Áit: Oifig Fhís an Phobail, Gaelionad Mhic Goill, 4 Clós na Carraige Báine, Béal Feirste, BT12 7RG

Freagrach do: Coiste Oifigeach CLG Laochra Loch Lao

 

Téarma: Conradh 3.5 bliana

 

Critéir Riachtanach don Oifigeach For-rochtana Pobail

Beidh na tréithe seo a leanas ag an té a cheapfar.


 

  • Ardchaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa
  • Céim 3ú leibheál 
  • Duine fuinniúil gníomhach féinmhuiníneach, le hardscileanna idirphearsanta, a dtig leis/léi obair a dhéanamh as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann.
  • Taithí leathan ag aimsiú agus ag tuairisciú ar dheontais maoinithe
  • Cumas ardchaighdeán agus taithí ar úsáid bogearraí Microsoft Office, Word, Excel agus PowerPoint san áireamh
  • Ceadúnas tiomána agus rochtan ar charr don obair
  • Ar a laghad trí bhliain de thaithí ag bainistiú tionscadail ina bhfuil éilimh agus sciarshealbhóirí éagsúla le sásamh
  • Taithí ar fhorbairt agus bainistiú cláracha spóirt pobail
  • Compordach ag cothú caidreamh le muinteoirí, páistí, tuismitheoirí agus coitséalaithe agus an-eifeachtach ag bainistiú caidreamh le réimse leathan daoine
  • Ard-scileanna pleanála maidir le tionscadail a ullmhú, agus a fhorbairt, agus maidir le hathbhreithniú agus an tuairisciú / measúnú cuí a dhéanamh ina leith;
  • Taithí shonrach ar bhainistíocht airgeadais agus buiséid, agus ar fhreagracht a ghlacadh as tuairiscithe airgeadais a ullmhú;
  • Ard-scileanna cumarsáide, margaíochta agus poiblíochta, i gcomhthéacs na meáin shóisialta agus na meán thráidisiúnta araon;

 

Critéir inmhianaithe:


Taithí a bheith ag plé le togra atá ag fás go tapaidh

  • Taithí ag plé le grúpaí agus forbairt pobail i gcomhthéacs tiomsaithe airgid
  • Cáilíochtaí cuí cóitséala (Gradam CLG Leibhéal 1 nó níos airde) nó a mhacasamhail
  • Taithí ar fhorbairt pearsanta/coitséala a eascú do dhaoine eile.
  • Eolas agus tuiscint mhaith ar pholasaí Rialtais reatha maidir le daoine óga agus cúrsaí spóirt
  • Tuiscint ar chlubanna beaga CLG

 

Is fostóir comhionann Laochra Loch Lao CLG.

Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo, foirm iarratais a iarraidh trí rphost a chur chuig Seán Ó hEacháin: secretary.laochralochlao.antrim@gaa.ie 

Spriocdháta iarratais: 9 Aibrean 2025 ag 5pm

Agallaimh Céadaoin 16ú Aibrean 2025

 

Closing Date

Wednesday / 09 April 2025
5:00pm

Contact Details

Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo, foirm iarratais a iarraidh trí rphost a chur chuig Seán Ó hEacháin: secretary.laochralochlao.antrim@gaa.ie 

4 Clós na Carraige
Belfast
Belfast
BT12 7RG
United Kingdom

seanoheachain@gmail.com

More Information

Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo, foirm iarratais a iarraidh trí rphost a chur chuig Seán Ó hEacháin: secretary.laochralochlao.antrim@gaa.ie 

Files

Oifigeach For-Rochtana Pobail_Cuir síos Poist_Már 25.docx

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Glór na nGael
CLG Laochra Loch Lao