Bainisteoir Forbartha Cumainn agus Cluichí
Laochra Loch Lao CLG

Is cumann CLG lán-Ghaeilge é Laochra Loch Lao CLG atá lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste. Bunaíodh an cumann in 2006 mar chomhchumann le deiseanna labhartha Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine ar spéis leo CLG a imirt trí Ghaeilge. I 2017, bhunaigh muid an cumann go neamhspleách agus tháinig na foirne faoi aois ag an am seo agus tá borradh tagtha faoin chumann ó shin. Anois tá breis is 15 foireann ag an chlub ag freastal ar beagnach 300 ball imeartha agus táimid ag súil go mbeidh dúbailt air sin sna 5 bliana amach romhainn..
Áit: Oifig Fhís an Phobail, Gaelionad Mhic Goill, 4 Clós na Carraige Báine, Béal Feirste, BT12 7RG
Freagrach do: Coiste Oifigeach CLG Laochra Loch Lao
Téarma: Conradh 3.5 bliana
Critéir Riachtanacha don Chomhordaitheoir Tionscadail:
- Ardchaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa
- Céim 3ú leibheál
- Duine fuinniúil gníomhach féinmhuiníneach, le hardscileanna idirphearsanta, a dtig leis/léi obair a dhéanamh as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann.
- Cailíochtaí coitseála CLG amach go Leibheal 1
- Ceadúsas tiomána agus rochtan ar charr don obair
- Ar a laghad trí bhliain de thaithí ag bainistiú tionscadail ina bhfuil éilimh agus sciarshealbhóirí éagsúla le sásamh
- Taithí ar fhorbairt agus bainistiú cláracha spóirt CLG agus Pobail
- Taithí oiliúint coitseálaithe do chluichí CLG
- Taithí ar leith ag soláthar spóirt do dhaoine óga agus soláthar ról eagrucháin le hógchumainn CLG
- Taithí ar bhainistíocht agus meantóireacht foirne sa suíomh oibre;
- Scileanna cumasacha i mbogearraí na teicneolaíochta faisnéise is forbairt bunachar sonraí, is scairbhíleogaí excel.
- Ard-scileanna pleanála maidir le tionscadail a ullmhú, agus a fhorbairt, agus maidir le hathbhreithniú agus an tuairisciú / measúnú cuí a dhéanamh ina leith;
- Taithí shonrach ar bhainistíocht airgeadais agus buiséid, agus ar fhreagracht a ghlacadh as tuairiscithe airgeadais a ullmhú;
- Ard-scileanna cumarsáide, margaíochta agus poiblíochta, i gcomhthéacs na meáin shóisialta agus na meán thráidisiúnta araon;
Critéir inmhianaithe:
- Taithí ag déaradh, ag eascú agus ag déanamh measanú ar cláraithe sainiúla do dhaoine óga agus ógfhoirne spóirt.
- Tuiscint chuimsitheach ar na sáinchéisteanna a théann I bhfeidhm ar dhaoine óga as pobail faoi míbhuntaiste.
- Tuiscint chuimsitheach ar na cúinsí pholaitiúla reatha ó thuaidh is an feachtas leanúnach ar son cearta teanga do phobal na Gaeilge.
- Eolas agus tuiscint mhaith ar pholasaí rialtais reatha maidir le daoine óga agus cúrsaí spóirt
- Cáilíocht i réimse na bainistíochta, ceannaireacht nó gobharnóireacht
- Iarchéim nó Maistreacht atá abhartha don ról agus a léiríonn cumas bheith ag obair go neamhspléach
- Taithí ar iarratais mhaoinithe a ullmhú agus a chur i gcrích
Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo, foirm iarratais a iarraidh trí rphost a chur chuig Seán Ó hEacháin: secretary.laochralochlao.antrim@gaa.ie
Spriocdháta iarratais: 9 Aibrean 2025 ag 5pm
Agallaimh Céadaoin 16ú Aibrean 2025
Closing Date
5:00pm
Contact Details
Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo, foirm iarratais a iarraidh trí rphost a chur chuig Seán Ó hEacháin: secretary.laochralochlao.antrim@gaa.ie
4 Clós na Carraige
Belfast
Belfast
BT12 7RG
United Kingdom
More Information
Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo, foirm iarratais a iarraidh trí rphost a chur chuig Seán Ó hEacháin: secretary.laochralochlao.antrim@gaa.ie