Job | Temporary

GaelStair - Comhordaitheoir Tionscadail

Spórtlann CIC

Other
£35000
37.50
Is tionscadal ceannródaíoch é an tionscadal GaelStair a bhfuil aidhm aige oidhreacht shaibhir na Gaeilge a cheiliúradh agus a chaomhnú.

Déanann sé iarracht athbheochan iontach na Gaeilge a chur chun cinn, go háirithe sa Cheathrú Ghaeltachta bhríomhar ar Bhóthar na bhFál. Déanann an tionscadal seo iarracht ról ríthábhachtach an Ghaelchultúir, an Ghaeloideachais, rannpháirteachas phobal na Gaeilge agus an tionchair a bhí acu ar stair agus ar fhéiniúlacht Bhéal Feirste a dhoiciméadú agus a léiriú.

Tá sé mar aidhm ag Tionscadal GaelStair go mbeidh rochtain ag luchtanna féachana éagsúla, ina measc, mic léinn, turasóirí agus baill pobail, ar oidhreacht na Gaeilge trí thaispeántais, acmhainní ar líne agus ábhair oideachais a chruthú. Le haird a dhíriú ar éachtaí agus ar theacht aniar Ghaeilgeoirí, tá an tionscadal ag iarraidh an bród agus an ceangal sa phobal a chothú, agus eolas chomh maith le tuiscint ar oidhreacht na Gaeilge a chur chun cinn.

Cuspóir:

An tionscadal a chomhordú agus maoirseacht a dhéanamh air ar bhonn laethúil le freagracht uileghabhálach as cur i bhfeidhm phlean an tionscadail móide as spriocanna, aschuir agus torthaí a leagan amach.

Is fostóir comhdheiseanna é Spórtlann CIC.

 

Tá an post seo á mhaoiniú go poiblí ag an National Lottery Heritage Fund

Closing Date

Wednesday / 21 August 2024
11:00am

Contact Details

sportlann1@gmail.com

Páirc Radharc na bhFéa Main Falls Road Entrance
Belfast
BT12 7LU
United Kingdom

sportlann1@gmail.com

Files

An Spórtlann Cur Síos Poist 7.8.2024_0.docx Foirm Iarratais - GaelStair.doc

Tá an post seo á mhaoiniú go poiblí ag an National Lottery Heritage Fund. GaelStair is made possible with The National Lottery Heritage Fund. Thanks to National Lottery players, we have been able to fund this vital project.

Heritage Fund
Spórtlann CIC