Job | Full Time

Oifigeach Óige agus Oideachais

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

£28,371
37.50
Clár oideachais ealaíon do dhaoine óga agus clár oideachais do dhaoine fásta a riar agus a fhorbairt a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge, ar an chultúr Ghaelach agus ar na healaíona Gaelacha.

Is mian le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Oifigeach Óige agus Oideachais a cheapadh. Tá ról ar leith ag an Oifigeach Óige agus Oideachais in athbheochan na Gaeilge ag tacú le daoine de gach aois. Beidh an té a cheapfar freagrach as clár cruthaitheach ealaíon a riar agus a fhorbairt a thugann deis do pháistí agus daoine óga an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga agus a suim sna healaíona a fhorbairt. Freastalóidh an tOifigeach ar dhaoine fásta atá ag iarraidh líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach trínár gclár oideachais a riar agus a fhorbairt.

Faoin phost: Clár oideachais ealaíon do dhaoine óga agus clár oideachais do dhaoine fásta a riar agus a fhorbairt a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge, ar an chultúr Ghaelach agus ar na healaíona Gaelacha.

** Le cur síos post sonrach a fháil leis na príomhfhreagrachtaí, téigh chuig: https://www.culturlann.ie/ga/fol%C3%BAntais
** Le bhur dtoil léigh an cur síos post sula chuirean tú isteach ar an ról seo.
** Le cur isteach ar an phost, seol litir chlúdaigh agus CV chuig [email protected] roimh 01/07/24 @ 8pm.

Tuarastal
£28,371 (pro rata - bunaithe ar 37.5 uair an chloig sa tseachtain) Déanfaidh an fostóir ranníocaíocht 8% le pinsean an fhostaí.

Saoire
37 lá sa bhliain, 10 lá reachtúla san áireamh

Uaireanta Oibre
35 uair sa tseachtain, deireadh seachtaine agus tráthnóna san áireamh de réir mar is gá leis na héilimh a bhaineann leis an phost a chomhlíonadh. Beidh uaireanta breise i gceist ó am go céile agus ceadófar saoire chúitimh ach bileoga ama a thabhairt don bhainisteoir líne. Ní mór aon saoire chúitimh a cheadófar a ghlacadh taobh istigh de dhá mhí, é sin nó í a chailleadh.

Closing Date

Monday / 01 July 2024
8:00pm

Contact Details

216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste
BT12 6AH
United Kingdom